Dlíthe Nua Féimheachta

Dlíthe Nua Féimheachta

Tá dlíthe curtha i bhfeidhm ó 3 Nollaig 2013 a athraíonn Cóid na Féimheachta.

1. Laighdiú ar an Tréimhse Urscaoileadh

Tá an tréimhse uathoibríoch urscaoileadh imithe ó 12 bliain síos go dtí 3 bhliain.

Cé gur próiséis uathoibríoch í an urscaoileadh tar éis 3 bhliain — is féidir é a shárú.  Is féidir leis an Sannaí Oifigiúil (“SO”) nó le creidiúnaí de chuid an féimheacht iarraidh ar an gCúirt diúiltiú don urscaoileadh uathoibríoch.  Má chreideann an Cúirt gur theip ar an bhféimheach comhoibriú le na creidiúnaithe nó má choimead siad achmhainní ón bpróiséis is féidir leis an Cúirt an tréimhse féimheachta a mhéadú suas go hocht bliana breise.

2. Tionachur ar Féimheachtaí Reatha

Déanfar urscaoileadh uathoibríoch ar aon tréimhse féimheachta atá ag rith le 3 bhliain nó níos fuide tar éis sé mhí.

3. Ordaithe íocaíochtaí ar Féimheachta

Tar éis urscaoileadh is féidir leis an SO iarratas a dhéanamh chun na cúairte le Ordú a dhéanamh ag rialiú gur gá don bhféimheacht na creidiúnaí a íoc ar bhonn rialta ar feadh tréimhse suas go 5 bliana.

4. Teagmháil i leith Socraithe Neamh-Breite

Anois nuair a chuireann féichiúnaí iarratas os comhar na Cúirte caithfidh siad léiriú go bhfuil iarrachtaí déanta acu le réiteach neamh-breite a shochrú le creidiúnaithe tríd Sochrú Féichiúnaí nó Sochrú Dócmhainneacht Pearsanta a iarradh.

Chomh maith le sin, caithfidh an Cúirt a dheimhniú an mbéadh sochrú neamh-breite níos oirriúnaí do suíomh airgeadais an bhféimheacht.  Má chreideann an Cúirt go mbéadh socrú neamh-breite níos oirriúnaí, is féidir leis an gCúirt an iarratas a chur ar athlá le seans a thabhairt do na páirtithe próiséis neamh-breite a shochrú.

Tá athrú déanta ar ceartanna creidiúnaithe i leith costasaí dlí chomh maith.  Roimhe seo bhí an creidiúnaí i dteideal costasaí a athshlánú ón féimheacht, ach anois is féidir leis an Cúirt an ceart sin a shéineadh má chreideann an Cúirt gur dhiúltigh an creidiúnaí Sochrú Féichiúnaí nó Sochrú Dócmhainneacht Pearsanta go mí-réasúnta.

5. Pinsean

Tá próiséis nua ann maidir le pinsean an féimheacht.  Roimhe seo bhí rial ginearálta ann a chur pinsean an féimheacht faoi smacht an SO.  Anois níl pinsean an féimheacht páirteach sa phróiséis.  Tá eisceacht ar an rial seo má tá íocaíochtaí pinsean déanta roimh iarratas féimheachta.

Is féidir leis an SO iarratas a chur os comhar na Cúirte anois le iarraidh ar an bhféimheacht íocaíochtaí a dhéanamh i gcás pinsean iomarcach (las’tigh de 3 bhliain den dáta athlá).  Fanann na híocaíochtaí leis an SO agus cuirtear ar fáil iad do na creidiúnaithe.

6. Méadú ar Tréimhsí Athbhreithniú

Tá trí bhliain ag an gCúirt anois le cinneadh a aisiompú i gcásanna inar cuiriú bréag-lúach ar maoin os comhair na cúirte.

Le breis eolas a fháil ar an ábhar seo, nó i leith aon cheisteanna ar dócmhainneacht, seol teachtaireacht chuig Peter Kearney ag pkearney@reddycharlton.ie



Peter Kearney
Author: Peter Kearney