An mBaineann Cúaraimí Rúndachta an Proifisiúnach Leis an gCliant Amháin

An mBaineann Cúaraimí Rúndachta an Proifisiúnach Leis an gCliant Amháin

Is bun-phrionsabail í an rúndacht i gcleachta an dlí agus réimse proifisiúin eile.  Tá sé in-tuigthe idir cliant agus proifisiúnach go gcaithfear le haon eolas a thugann an cliant mar rún naofa.

Ach cén athrú a thagann ar an gceist nuair a thugann an cliant eolas rúnda don proifisiúnach ó páirtí eile?  An bhfuil aon dualgas ar an bproifisiúnach eolas a choinneáil faoi rún don tríú páirtí?  Níl aon conradh idir an bproifisiúnach agus an tríú páirtí.

Shocraigh Keane J an cheist faoi dliteanas duine a bhfoghlaimíonn eolas rúnda, gan a bheith ceangailte faoi théarmaí aon conradh, i gcás Oblique Financial Services in aghaidh The Promise Production Company (1994).

Dar leis an gCúirt, is beag luach a bhain le dualgaisí rúndacha an phroifisiúnach i suíomh nach raibh an eolas ráite leo faoi rún.  Toisc nar bhain an teolas rúnda leis an client, ní raibh sé cosainte ag aon conradh idir an cliant agus an bproifisiúnach, agus bhéadh an proifisiúnach inann an teolas a scapadh gan teacht i bhfeall ar na cúirteanna.

Rinne cinne an Chúirt Uachtarach i 2007 i gcás Mahon in aghaidh Post Publications plé leis an gceist seo chomh maith.  Sa chás sin, d’iarr an Binse Pleanála ar an gCúirt cosc a chur ar an Business Post doiciméidí a fhoilsiú; doiciméidí a bhí scapaithe theanna féin, roimh éisteacht poiblí.

Cíor Fennelly J na cásanna Éireannacha chomh maith le cásanna na Breataine.  Bhí sé den tuairim go bhféadfadh Cúirt rúndachas páirtí a chosaint sna suíomhanna a leannas:-

  • caithfidh an eolas bheith rúnda;
  • caithfidh an páirtí atá ag roinnt an eolas chur in iúl don pháirtí eile go bhfuil an eolas rúnda;
  • caithfidh an páirtí a scaipeann, nó an páirtí a chloiseann an teolas fios a bheith acu go bhfuil said ag briseadh coinniollacha rúndachais.

Is léir gur gáth dúinn rúndacht ár gcliaintí a chosaint, ach seans gur chomhair dúinn rúnda daoine eile a choimead chomh maith.

Is leagan gearr í seo d’alt scríofa ag Paul Keane a foilsíodh sa Law Society Gazette in mí Bealtaine 2013.



Paul Keane
Author: Paul Keane